פרג או׳קונורה

Nóra Mharcais Bhig

פרג או׳קונורה

Nóra Mharcais Bhig

Add to my favorites Remove from my favorites

Ní bhfaca tú riamh ach an t-ionadh a bhí ar mhuintir Ros Dhá Loch nuair a chualadar go raibh Nóra Mharcais Bhig le dul anonn go Sasana. Bhí deirfiúr léi thall cheana, agus í ag obair ann, ach bhí gá le Nóra sa mbaile. Ní bheadh ina diaidh ann ach an tseanlánúin.  An bheirt dhearthár a bhí aici ní dhearnadar aon rath – dóibh féin ná d’aon duine a bhain leo. Cuireadh Mártan, an duine ba shine acu, go baile mór na Gaillimhe ina bhuachaill siopa (bhí an-éirí in airde i sean-Mharcas i gcónaí), ach níorbh fhada dhó ansin gur chaill sé a phosta i ngeall ar an ól, agus ansin chuaigh sé san arm Gallda. Maidir le Stiofán, an dara duine acu, ní raibh aon tsúil ag an seanfhear go bhféadfadh sé ‘duine uasal’ a dhéanamh de go deo. Ach nuair nach bhfuair an t-ógfhear ceanndána seo cead a chinn óna athair, ghlan sé leis agus luach dhá bhulán a dhíol sé ar aonach Uachtair Aird ina phóca aige.

‘Ní fearr ann ná as é,’ arsa an seanfhear ar chloisint dó go raibh sé imithe. Ach ní raibh sé ach ag ligint air féin nár ghoill an scéal air. Is minic san oíche a bhí sé gan néal a chodladh ach ag cuimhneamh ar a bheirt mhac a bhí imithe uaidh ar a-aimhleas. Duine ar bith de na comharsana a cheapadh an seanfhear dorcha a shású an aimsir sin, nó a théadh ag déanamh trua leis i ngeall ar an donas d’éirigh dá chlann mhac, ní dheireadh sé leo ach –’

‘Cén mhaith do dhaoine bheith ag caint? Ba bheag é a mbuíochas ormsa nuair a shíleas a gcoinneáil sa tsean-nid. Ghlac an bheirt acu sciathán agus d'fhágadar mise liom féin. Is beag an imní chuirfeas siad ormsa feasta.’

Ach chuir. Agus go dtí go ndúirt Nóra leis go raibh socraithe aici gan fanacht sa mbaile níos faide ní raibh aon ní ag déanamh buartha dhó ach an tslí ar imigh a bheirt mhac uaidh. Bhí sé náirithe acu. Bhí an pobal ag déanamh magaidh faoi. Bhí sé ina staicín áiféise ag an mbaile – é féin agus a chlann. Agus an chaoi ar cheap sé slí mhaith bheatha a thabhairt dóibh! An chaoi ar bhain sé allas as a chnámha ag obair moch deireanach fuar fliuch agus tirim lena gcoinneáil ar scoil go rabhdar chomh foghlaimthe leis an máistir féin, mórán!

Ach ní hamhlaidh bheadh an scéal ag Nóra, dar leis. Choinneodh sé ise sa mbaile. Dhéanfadh sé cleamhnas di. D’fhágadh sé an gabháltas aici féin agus ag a fear tar éis a bháis. Nuair adúirt sí leis go n-imeodh sí cheap sé gur ag magadh a bhí sí ar dtús. Ach ba gearr go mba léir dó nárbh ea. Ansin rinne sé a dhícheall dubh is dath a coinneáil sa mbaile. Ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh aon mhaith don tseanbhean bheith ag caint ach oiread. Feadh míosa bhí sé ina chogadh dearg eatarthu. An seanfhear ag bagairt gach donais uirthi dá n-imeodh sí; ise ag iarraidh a shárú. Ach bhí sé socraithe aici dhul anon, agus anonn a ghabhfadh sí pé ar bith céard déarfaidís.

‘Bhí beirt mhac agat,’ ar sise leis oíche, ‘agus d'imigh said uait. Náirigh an bheirt acu thú. Níl fhios agat nach ndéanfainnse an cleas céanna, mura lige tú dhom imeacht go toilteanach.’

‘Is í an duine deireannach acu í, a Mharcais,’ arsa a bhean, ‘agus i nDomhnach féin is dona liom scarúint léi i ndeireadh mo shaoil, ach,’ ar sise agus í beagnach ag caoineadh, ‘b’fhéidir gurb é lár a leasa é.’

Cheap a hathair nárbh é. Bhí sé dearfa dhe. Bhí sé lánchinnte go mb’fhearr dhi go mór fada fanacht san áit a raibh sí agus cleamhnas a dhéanamh ann. Bheadh dhá fhichead acra talún ag a fear nuair a gheobhadh sé féin bás. Bean óg lách gheanúil a bhí inti. Ní raibh feilméara ná ceannaí siopa sna seacht bparáistí ba ghiorra dhóibh nach mbeadh lánsásta í phósadh.

‘Agus tuige nach mbeadh freisin?’ arsa seisean, ‘bean chomh breá leí agus dhá fhichead acra de thogha na talún aici?’

Ach b’éigean dó géilleadh i ndeireadh na dála.

Is acu a bhí an obair ansin. An buaireadh mór agus an imní mhíchuíosach a bhí ag gabháil do Nóra le tamall, scaipeadh iad, de réir dealraimh. Ní raibh a rian le feiceáil.  Bhí sí chomh haerach scléipeach agus bhí an lá ab fhearr a bhí sí nó ceapadh é. Bhí an oiread sin le déanamh aici! Hataí agus gúnaí le déanamh agus le gléasadh aici. Éadach agus ribíní de gach cineál le ceannach agus le dathú aici. Ní raibh sos léi feadh na seachtaine sul ar imigh sí. Ag tabhairt cuairte abhus lá, agus thall lá arna mhárach.

Deoir níor shil sí go dtí gur cuireadh a dhá bosca mhóra taistil a cheannaigh sí i nGaillimh ar an gcarr a bhí lena tabhairt go port na traenach i mBaile na hInse. Ansin thosaigh sí ag gol go fuíoch. Nuair a bhíodar thoir ag an gcrosbhóthar bhí na frasa deor lena leiceann.

‘Go bhfóire Dia uirthi,’ arsa duine de na buachaillí a bhí caite le claí ar phlásóig mhín chaonaigh le hais an bhóthair. 

‘Áiméan,’ arsa duine eile acu, ‘agus gach uile dhuine dá sort.’

‘Ach meas tú cén ealaín atá uirthi go bhfuil sí ag imeacht?’

‘Ní dhéanfainn iontas ar bith dhe dá mba rud é nach mbeadh slí mhaith aici sa mbaile.’

‘Tháinig triúr á hiarraidh anuraidh – triúr a raibh cáil mhór orthu ar airgead freisin.’

‘Deirtear gur chuir sí spéis mhór i mac Sheáin Mhaitiú, an fear siopa,’ arsa seanfhear a bhí ina measc.

‘É siúd a bhí sa gcoláiste mór i nGaillimh?’

‘An duine céanna.’

‘Ná creid é. Drochbhuachaill bhí ann.’

‘Abair é.’

Bhí an carr ag imeacht ó thuaidh thar an gcriathrach mór leathan atá idir an Ros agus Baile na hInse. Bhí a teach le feiceáil fós ag Nóra síos uaithi sa ngleann. Ach ní air a bhí sí ag cuimhneamh, ach ar an lá mí-ámharach a casadh mac Sheáin Mhaitiú uirthi ar dtús ag crosbhóthar Ros Dhá Loch, agus é ag caitheamh a laethe saoire tigh dhearthár a athar ar an mbaile thoir. Níor stad sí den mhachnamh sin go rabhdar i mBaile na hInse. Lig an traen fead ghéar mhífhoighdeach aisti mar bheadh sí á rá le na daoine deifir a dhéanamh agus gan moill a chur ar rud a bhí chomh mór agus chomh beoga agus chomh cumasach léise. Chuaigh Nóra isteach. Bhog an traen ruainne beag. Thosaigh sí ag imeacht go mall míthapaidh ar dtús. Bhí Marcas Beag ag siúl lena hais. Chuir sé a bheannacht lena inín agus d’fhill sé abhaile go brónach dólásach leis féin.

 

II

B’fhíor don seanfhear críonna úd a bhí caite ar an bplásóig chaonaigh ag féachaint ar an saol agus á ligint thairis, gur chuir sí spéis mhór i mac Sheáin Mhaitiú uair dá saol. Ach bhí an uair sin caite. Agus ní bréag a rá gur fuath agus dearg-ghráin a bhí aici ar an bhfear óg galánta a bhí thall i nGlaschú sa gcoláiste le bheith ina dhochtúir. Toisc an cion a bhí aici air b’éigean di imeacht as Ros Dhá Loch agus óna cairde gaoil agus an domhan mór a thabhairt uirthi féin. Ba ghile léi, uair, an fear óg aerach a thugadh a laethe saoire i Ros Dhá Loch ná duine ar bith eile dar casadh léi riamh roimhe. Agus nárbh iontach iad na scéalta a bhí le n-aithris aige faoin saol a bhíodh acu sna bailte móra thar lear! Agus nach breá a thaitníodh na scéalta úd léi! Agus nuair a deireadh sé leis an gcailín díchéillí mínósach nár casadh leis in aon bhall dá raibh sé duine ba mheasa leis ná í, nach uirthi bhíodh an t-aiteas agus an t-aoibhneas croí! Agus an teach breá a bheadh acu i mbaile mór éigin nuair a bheadh sé ina dhochtúir!

Agus chreid sí gach a ndúirt an fear óg léi. Chreid seisean é freisin – nuair adúirt sé é. Ní mórán imní dhéanadh an chaint úd dhó, ámh, nuair a bhí sé imithe. Ní mar sin do Nóra. B’fhada léi go dtagadh sé arís. B’fhada léi uaithi an samhradh. B’fhada léi uaithi an tráth nuair a bheadh sé ina shamhradh i gcónaí aici.

Bhí ardmhuinín aici as ach mealladh í. Na litreacha chuir sí chuige seoladh ar ais chuici iad. Bhí sé i mball éigin eile. Ní raibh a thásc ná a thuairisc ag aon duine. Bhí an saol ina cheo uirthi. Bhí a hintinn ina luaidhe leáite ina ceann nuair a thuig sí an scéal i gceart. Bhíodh sí ag déanamh machnaimh air agus á chur trína chéile de lá agus d’óiche. Ní raibh le déanamh aici ach imeacht as an áit ar fad. Bhí sí féin agus gach duine dar bhain léi náirithe aici os comhair an phobail uile. Bhí bean óg a bhíodh ar aimsir acu thiar i Ros Dhá Loch ag obair thall i Londain. Bhéarfadh sí aghaidh ar an gcathair mhóir sin. Is ar an gcathair sin a bhí a triall anois, agus ní ar an mbaile mór eile a raibh a deirfiúr ann.

Ina suí sa traen dhi ghabh iontas mór í faoi rá is go raibh abhainn agus inbhear, loch, sliabh, agus machaire ag sciorradh thairsti agus gan aon ní á dhéanamh aici féin. Cá rabhdar uile go léir ag dul uaithi? Cén saol a bhí i ndán di sa tír choimhthíoch údan ina bhfágfadh an gléas iontach iompair seo í? Ghlac uamhan agus critheagla í. Bhí an doircheacht ag titim ar mhachaire agus ar chnoc. Coisceadh ar na smaointe uirthi, ach b’fhachthas di go raibh sí ag marcaíocht ar ainmhí éigin allta; go gcuala sí a chroí ag preabadh agus ag léimnigh fúithi le teann feirge; go raibh sé ina dhragún tine, agus lasair ag teacht óna shúil; go raibh sé á tabhairt go fásach éigin uafásach – áit nach raibh taitneamh gréine ná titim uisce; go raibh uirthi a dhul ann in aghaidh a tola; go raibh sí á díbirt go dtí an fásach seo i ngeall ar aon pheaca amháin.

Shrioch an traen Baile Átha Cliath. Cheap sí go raibh an áit fré chéile in aon gheoin amháin torainn. Fir ag screadaíl agus ag béiciú. Traenacha ag teacht agus ag imeacht agus ag feadaíl. Torann na bhfear, na dtraenach, agus na gcarr. Chuir gach ní dá bhfaca sí ionadh uirthi. Na báid agus na loingis ar an Life. Na droichid. Na sráideanna a bhí soilseach sa meán oíche. Na daoine. An chathair féin a bhí chomh breá, chomh beoga, chomh geal sin in uair mharbh na hoíche. Is beag nár dhearmaid sí feadh scathaimh bhig an mí-ádh dhíbir as a baile dúchais í.

 

Ach nuair a bhí sí ar an traen bhí a mhalairt de scéal aici. Thosaigh na smaointe dubha duaiseacha ag brú isteach uirthi arís. Ní raibh aon chosc leo. Níor fhéad sí a ndíbirt. Cad chuige ar fhág sí an baile chor ar bith? Nárbh fhearr dhi fanacht ann pé ar bith céard d’éireodh dhi? Céard a bhí le déanamh aici anois? Céard a bhí i ndán di san áit a raibh sí ag dul?

Agus mar sin de. Má bhí daoine ann fadó a chaith na céadta bliain agus iad ag ceapadh nach raibh ann ach lá, mar adeir na seanchaithe linn, rinne sise rud níos iontaí fós. Rinne sí céad bliain d’aon lá amháin. D’éirigh sí aosta críonna in aon lá amháin. Gach dólás agus céasadh croí agus buairt mhór aigne thagas ar dhuine feadh a shaoil thángadar uirthise in aon lá amháin ó d’fhág sí Ros Dhá Loch go raibh sí istigh i lár Londain mhór Shasana – go bhfaca sí Cáit Ní Roighin, an cailín aimsire a bhí acu ag baile, ag fanacht léi ag doras na traenach le fáilte a chur roimpi. Níor thuig sí an saol go dtí an lá sin.

 

III

Bhí an bheirt bhan óg ina gcónaí i gcúlshráid shuarach ghránna ar an taobh ó dheas den chathair. I dteach mór millteach ina raibh na daoine in aon charn amháin ar mhullach a chéile sea bhíodar ina gcónaí an tráth sin. Ní fhaca tú riamh ach an t-ionadh bhí ar Nóra nuair a chonaic sí a raibh ann díobh. Bhéarfadh sí an leabhar go raibh céad ann ar a laghad idir fhir agus mhná agus pháistí. Bhíodh sí léi féin feadh an lae fhada, mar bhí ar Cháit a bheith amuigh ag obair ó mhaidin go faoithin. Shuíodh sí ag an bhfuinneoig ag féachaint amach sa tsráid ar na daoine ag dul thart agus ag déanamh iontais cá rabhdar uile go léir ag dul. Ní bhíodh sí i bhfad mar sin go dtosaíodh sí ag ceapadh nach ndearna sí a leas agus a theacht chor ar bith. Tuige ar fhág sí an sráidbhaile uaigneach úd a bhí thiar i measc na gcnoc ar bhruach na farraige móire? Céard déarfadh a hathair dá mbeadh fhios aige cén fath? Ar ndóigh, bheadh sé ar mire. ‘Cén tubaiste a bhí orm seachas duine ar bith eile?’ adeireadh sí. Ach b’aimhréiteach an cheist í sin, agus nuair nach n-éiríodh léi a freagairt bhuaileadh sí amach ar an tsráid; ach ní théadh sí i bhfad ar eagla go dtéadh sí amú. Ach bhíodh na smaointe céanna ag brú isteach uirthi amuigh ar an tsráid i measc na ndaoine díreach mar bhí istigh.

Oíche dá dtáinig Cáit abhaile ó bheith ag obair, bhí Nóra os cionn na tine agus í ag gol.

‘Seo anois, a Nóra, a chroí,’ ar sise, ‘tiormaigh do shúile agus ól cupán tae liomsa. Dúradh liom a rá leat go bhfuil cailín aimsire ó dhuine muinteartha le mo mháistreás-sa, agus dá dtéifeá ann…’

‘Rachad ann freisin,’ arsa Nóra, ag éirí de phreib.

 

Ar maidin lá arna mhárach ghluais léi go teach na mná uaisle seo. Chuaigh sí ag obair ann. Bhí an oiread sin le déanamh aici ann, agus bhí an oiread sin smaointe nua ag teacht isteach ina haigne, nár chuimnigh sí ar aon ní eile feadh scathaimh bhig. Na litreacha chuireadh sí abhaile bhíodh síntiús beag iontu i gcónaí, cé go raibh fhios aici nach mórán a bhí ag teastáil uathu, mar bhí bealach maith leo cheana. Agus na litreacha chuireadh a hathair chuici léadh sí agus d’athléadh sí iad gach oíche sul a dtéadh sí a chodladh. Bhíodh nuaíocht an bhaile iontu. Go raibh an-lear scadán á fháil ag na hiascairí. Gur cheannaigh Tomás Pheaits Mhóir bád nua. Go raibh Neil Ní Ghríofa imithe go Meireacá.

D’imigh cúpla mí mar sin, ach sa deireadh dúirt an bhean uasal léi nach raibh sí sásta léi agus go gcaithfeadh sí an áit a fhágáil. B’éigean di sin a déanamh. D’fhág sí a raibh aici ina diaidh, agus d’imigh léi. Dídean ná fascadh ní raibh aici an oíche sin, ach an bháisteach ag titim anuas uirthi agus na sráideanna crua faoina cosa…

An éigean a chur síos ar gach ar tharla dhi ina dhiaidh sin? Ar an ‘bhfear uasal galánta’ thug ithe agus ól agus airgead di agus í i ndeireadh na déithe le call agus le easpa. Ar an gcaoi ar thosaigh sí féin ar an ól. Ar an mbealach a shíl sí a hintinn agus a haigne a chaochadh agus a dhalladh leis. Ar na daoine éagsúla bhuail léi i dtithe, ólta agus eile. Ar a gcaint agus a gcomhrá. Ar an gcaoi ar laghdaíodh ar an meas a bhí aici uirthi féin go dtí go mba chuma léi tar éis tamaill céard d’éireodh dhi. Ar an gcaoi a raibh sí ag dul i ndonas ó ló go ló, go dtí nach raibh a clú ná a meas aici sa deireadh, ach í ag siúl na sráide.

 

IV

Naoi mbliana mar sin di. Ag ól agus ag ragairneacht d’oíche. Á gléasadh agus á réiteach féin sa ló i gcomhair na céad oíche eile. Smaoineamh ar bith a thigeadh isteach ina ceann faoin saol a bhí aici nó an saol a bhíodh aici ag baile dhíbríodh sí é chomh luath in Éirinn agus d’fhéadfadh sí. Smaointe mar sin a chuireadh an míshuaimhneas is mó uirthi. Agus – más fíor é nach mbeadh dúil mhaireachtála ag duine chur ar bith mura sílfeadh sé, ar bhealach éigin, go mba mhó an mhaith a bhí á dhéanamh aige ná an t-olc – ní fhéadfadh sí a mhalairt a dhéanamh. Ach thigeadh na smaointe údan chuici gan bhuíochas di ina gcéadta agus ina gcéadta i gcaitheamh an lae – mórmhór nuair a bheadh sí tar éis litir a sheoladh abhaile, rud a níodh sí go minic. Agus nuair a bhíodh siad ag teacht chuici go tiubh mar sin théadh sí amach ag ól.

Bhí sí amuigh oíche ag siúl na sráide, tar éis litir a raibh roinnt bheag airgid inti a sheoladh abhaile. Bhí sé a haon déag a chlog. Bhí na daoine ag teacht amach as na hamharclanna ina mílte agus ina mílte, agus ise ag féachaint orthu. Bhí cuid acu ann agus d’féachfaidís uirthise agus ar mhná dá saghas. An fhéachaint úd a thaispeánas an dúil agus an tsaint a níos scrios ar dhaoine, a chuireas tíortha in éadan a chéile, agus a thug ábhar cainte d’fhilí agus do scéalatihe an domhain ó aimsir na Traoi go dtí an lá atá inniu ann.

Níorbh fhada ansin di go bhfaca sí fear os a comhair amach, a bhean lena thaobh. Dhearc an bheirt ar a chéile, gan fhios aicise cén fath. D’aithníodar a chéile. Mac Sheáin Mhaitiú (a bhí ina dhochtúir i Londain anois) a bhí ann. Chas sise ar a cois go tobann. Chuala sí é á rá lena bhean a dhul isteach i dteach ithe bhí i ngar dhóibh agus go mbeadh sé féin chuici ar an bpointe.

Bhog Nóra amach ar a chloisint sin di. Bhí seisean ina diaidh. Ghéaraigh sise ar an siúl. Rinne seisean an rud céanna. Ní raibh uaithi ach imeacht uaidh. Bhí sí ina sodar, eisean ina shodar ina dhiadh. Tosach maith aici air. Í ina cos in airde suas sráid agus anuas ceann eile. Í ag ceapadh go raibh sé ag a sála. Faitíos an domhain uirthi go mbéarfadh sé uirthi. Go mbeadh fhios acu ag baile an bealach a bhí léi. Go mbeadh fhios ag an uile dhuine é.

Bhí séipéal ar a hagaidh amach – séipéal beag bhí ar oscailt feadh na hoíche i ngeall ar fhéile éigin. Bhí dídean ón bhfear a bhí ina diaidh uaithi – ón bhfear dá dtug sí searc a croí uair agus a mheall í. Ní raibh aon chuimhneamh aici ar a dhul isteach, ach isteach ann a chuaigh. B’aisteach léi ar dtús gach a bhfaca sí, bhí sé chomh fada sin ó bhí sí istigh i séipéal roimhe sin. Tháinig a hóige ar ais chuici. Bhí sí i séipéal Ros Dhá Loch arís. Bhí dealbh na Maighdine Beannaithe istigh i gcúinne agus solas dearg os a comhair. Rinne sí ar an gcúinne sin. Chaith sí a lámha timpeall uirthi. Bhí sí á suathadh agus á luascadh anonn is anall le buairt aigne. A hata breá péacach ar chúl a cinn. A cuid ribíní breátha dearga fliuch salach smeartha le clábar na sráide. Bhí sí ag guidhe Dé agus na Maighdine os ard, paidir i ndiaidh paidire, go ndúirt sí i nguth mór dúthrachtach:

‘A Naomh Mhuire – a mháthair Dé – guidh orainn na peacaigh – anois agus ar uair ár mbáis – Áiméan!’

Bhí seansagart a chuala ag guidhe í ar a cúl. Labhair sé léi go lách cineálta. Shásaigh sé í. Thug leis í. Cheisnigh í. D’inis sí a scéal dó gan aon ní a cheilt air. Na litreacha fuair sí óna hathair, thaispeáin sí dhó iad.

Chuir sé tuilleadh ceisteanna uirthi.

Sea – bhí sí sásta a dhul abhaile. Is í chuir an t-airgead abhaile lenar cheannaigh an seanfhear an bád iascaireachta. Go deimhin féin ní raibh – ní raibh aon cheapadh acu cén saol a bhí aici i Londain.

‘Agus an raibh t’athair á fhiafraí dhíot cén fáth nach ndeachaigh tú chuaigh tú chuig do dheirfiúr ar dtús?’

‘Bhí. Dúirt mé leis go raibh an obair níos fearr i Londain.’

D’fhanadar tamall maith mar sin – eisean á ceisniú agus ise á fhreagairt. Fuair sé lóistín maith dhi i gcomhair na hoíche. Dúirt sé léi litir a chur abhaile á rá go raibh sí ag braith ar filleadh, agus do dtiúrfadh sé féin cuairt uirthi lá arna mhárach agus go bhféadfadh sí faoistin a dhéanamh.

An oíche sin, sul ar chuaigh sé a chodladh, chuir sé litir fhada ag triall ar shagart paráiste Ros Dhá Loch ag insint an scéil dó agus á iarraidh air súil a choinneáil i ndiaidh na mná óige nuair a shroichfeadh sí an áit.

D’fhan sí mí eile thall. Cheap an seansagart go mb’fhearr di sin a dhéanamh. Nuair a bhí an mhí caite thug sí an traen abhaile uirthi féin.

Bhí súil acu léi sa mbaile. Bhí gach uile dhuinte á rá nár imigh duine ar bith as Ros Dhá Loch a rinne chomh maith léi. Nach raibh duine ar bith acu a chuir an oiread sin airgid abhaile léi.

‘Is mór an sásamh aigne duitse é, a Mharcais,’ bhí Seán Gabha a rá agus é ag cur crú ar chapall Mharcais thíos ag an gceárta an lá a raibh sí le teacht, ‘go bhfuil sí ag teacht abhaile sa deireadh, mar duine ná deoraí níl agat leis an talamh fhágáil aige.’

‘Abair é,’ ar seisean, ‘agus tá aois mhaith agam anois freisin.’

Bhí an capall agus an carr gléasta aige le dul go port na traenach ina coinne.

‘Bhídís á rá,’ ar seisean go mórálach agus é ag cur an chapaill faoin gcarr, ‘nach ndearna an bheirt eile aon rath, rud ab fhíor dhóibh, b’fhéidir, ach ní chreidfeá ach an cúnamh thug sise dhom. Féach ar an mbád mór iascaireachta sin atá ag dul amach ar lorg na ronnach anocht – ní fhéadfainn í sin a cheannacht murach í.’

 ‘Níl tú ag rá ach na fírinne anois, a Mharcais,’ arsa seanfhear bhí ag tabhairt cúnaimh dhó, ‘ach cogair anseo mé,’ ar seisean go himníoch, ‘ar dhúirt sí leat gur casadh Séamas s’agamsa léi in aon bhall thall?’

‘Chuir mé a thuairisc léi ach ní fhaca sí é,’

‘Féach é sin anois… Agus ní bhfuair mé aon litir uaidh le leathbhliain.’

D’imigh Marcas. Ní raibh sé chomh croí-éadrom le fada an lá agus a bhí sé ag dul amach go port na traenach dhó. Má bhí a chlann mhac go dona bhí a iníon thar cionn.  Bhí sí ina sampla ag an bparáiste uile. Anois, ní bheadh acu le rá go gcaithfeadh sé an talamh a dhíol sa deireadh thiar. Choinneodh sé Nóra sa mbaile. Dhéanfadh sé cleamhnas dhi. Gheobhadh sé fear stuama staidéarach dhi…

Ní raibh deireadh leis na smaointe sin go dtáinig an traen isteach faoi ghradam. Bhuail Nóra amach chuige. Agus nach aige a bhí an fháilte roimpi! Agus ba mhó ná sin, dá mb’fhéidir é, an fháilte a bhí ag a máthair roimpi sa mbaile.

Ach nach í bhí tanaí traochta! Céard a rinneadh uirthi chor ar bith? An amhlaidh a bhí an iomarca oibre le déanamh aici? Ach ní fada bheadh sí sa mbaile go mbeadh cuma na maitheasa uirthi arís. Is gearr go mbeadh na leicne bána imithe, dá bhfanadh sí acu agus a gcomhairle a dhéanamh.

‘Agus is é an chéad chomhairle bhéarfainn duit an mhias mhaith seo feola agus cabáiste a ghlanadh, mar is dócha nach raibh uain agat tada ithe thall sa mbaile mór,’ arsa an tseanbhean agus í ag gáirí.

Ach ní fhéadfadh Nóra a ithe. Ní raibh ocras ar bith uirthi. Bhí sí trina chéile de bharr an aistir fhada, a dúirt sí. Rachadh sí siar sa seomra agus bhainfeadh sí dhí. Ligfeadh sí a scíth ann. Agus ar ball b’fhéidir go bhféadfadh sí ruainne ithe.

‘Nó b’fhéidir go mb’fhearr leat cupán tae ar dtús,’ arsa an mháthair nuair a bhí sí thiar.

‘B’fhearr,’ ar sise, ‘b’fhéidir go ndéanfadh sé maith dhom.’ 

An oíche sin, nuair a bhuail muintir an bhaile isteach le fáilte a chur roimpi, ní fhacadar í. Dúradh leo go raibh sí chomh tugtha traochta sin de bharr an aistir go mb’éigean di a dhul a chodladh, ach d’fheicfidís go léír í lá arna mhárach. Chuala Nóra a gcaint agus a gcomhrá agus í thiar sa seomra ag guidhe Dé agus na Maighdine í chur ar bhealach a leasa feasta agus cumhacht a thabhairt di go bhfanfadh sí amhlaidh go deo.

 

V

B’iontach a shaothraigh Nóra tar éis a theacht abhaile dhi. Sa duine úd ar ar tugadh Nóra Mharcais Bhig i Ros Dhá Loch bhí beirt bhan dáiríre, an ógbhean lách a chaith tréimhse thall i Sasana ag saothrú airgid agus á chur abhaile, agus bean eile nár cuireadh in aithne do dhuine ar bith ar an mbaile, ach a d’fhulaing géarbhroid an tsaoil i gcathair choimhthíoch. Agus díreach mar bhí beirt inti mar a déarfá bhí dhá intinn agus dhá mhodh smaointe aici freisin. Bhí modh smaointe na mná úd bhí ar a haimhleas i Londain Shasana aici chomh maith leis an modh smaointe a bhí aici sul ar fhág sí a baile dúchais chor ar bith.

Agus bhí sé ina shíorchomhrac eatarthu. An bhean úd a bhí ar fán an tsaoil uair ag cur in aghaidh na mná eile nár fhág an baile riamh agus nach raibh ag iarraidh ach fanacht ann go socair suaimhneach. Ba dhian an comhrac é. Ba threise ar an olc ar uaire, shíleadh sí, agus ansin d’fheictí í ag déanamh ar theach an phobail. Agus na daoine fré chéile á rá nach bhfacadar riamh bean óg a bhí chomh cráifeach diaganta dea-bhéasach léi.

Le linn an ama seo bhí pátrún acu ar an tsráidbhaile ba ghiorra dhóibh. Chuaigh lear mór daoine as an Ros ann. Cuid acu ag siúl, cuid ag marcaíocht agus cuid eile fós thar an gcuan ina mbáid. Chuaigh cuid acu ann le stoc a dhíol. Cuid eile fós gan gnó áirithe ar bith acu ann.

Bhí Nóra ar an dream seo. Bhí sí ag siúl timpeall an aonaigh ag féachaint ar an eallach a bhí ar díol ann. Ag cur aithne ar dhuine anseo agus ag cur tuairisce duine éigin eile a bhí imithe as an limistéar ó chuaigh sí go Londain ar dtús. Í go breá gléasta stuacach. Gúna den chadás bán ab fhearr agus ba dhaoire a bhí le fáil uirthi. Gúna a thug sí abhaile as Sasana léi. Ribíní breátha dubha sróil ar sileadh léi. Cleiteacha péacacha in airde as a hata. Ní raibh sí chomh meidhreach aerach le fada an lá.

Lá meirbh brothallach a bhí ann. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas go millteach. Mura mbeadh an séideán beag gaoithe thagadh isteach ón gcuan anois agus arís ní fhéadfaí an teas a sheasamh. Bhí Nóra tuirseach traochta de bharr an lae. D’airigh sí ceol veidhil i ngar dhi. Ceol bog binn aoibhinn. Bhí an veidhleadóir ina shuí ag doras cábáin. A cheann á luascadh anonn is anall aige. A shúile druidte aige. Féachaint chomh suairc chomh sonasach sin ar a éadan agus ina ghnúis is go gceapfá nár bhuail imní nó buairt an tsaoil ina threo riamh agus nach mbuailfeadh choíche.

Chuaigh Nóra isteach. Shuígh sí ar stól in aice an dorais ag éisteacht leis an gceol. Bhí sí tugtha. Dá mbeadh deoch aici! Sin é shíl sí. Bhí an comhrac ar siúl arís. Bhí sí ar tí imeachta nuair a tháinig fear óg as an Ros chuici ag iarraidh uirthi gloine ól leis.

‘Tá an lá chomh meirbh sin agus ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dhuit. Rud ar bith is maith leat,’ dúirt seisean.

Ghlac sí gloine uaidh.

Duine ar bith a bhí tugtha don ól uair dá shaol agus d’fhan tamall dá uireasa, má ólann an té sin gloine is cinnte go n-ólfaidh sé an dara ceann agus an tríú ceann agus b’fhéidir an naoú ceann dá ndéarfá é, mar athbheofar an dúil a bhí aige ann cheana.

B’amhlaidh bhí an scéal ag Nóra. D’ól sí an dara ceann. Agus an tríú ceann. D’éirigh sé ina ceann gan moill. D’éirigh sí scléipeach. Chuaigh amach ag damhsa. Ach b’éigean di éirí as sul i bhfad. Bhí meadhrán ina ceann. Bhí a cosa ar fuaidreadh. Chuaigh sí amach ar éigin ach ní dheachaigh sí i bhfad gur thit sí le claí a bhí le taobh an bhóthair…

Bhí cúpla uair den oíche caite nuair a fuair a hathair ann í. D’ardaigh sé isteach sa gcairt í agus thimoáin leis abhaile.

 

Maidin lá arna mhárach bhí an chairt chéanna faoi réir aige taobh amuigh den doras.

‘Más iad sin na béasa d’foghlaim tú i Sasana,’ ar seisean agus seirfean ina ghlór, ’is ann a chaithfeas tú a gcleactadh.’ D’imigh leo beirt go port na traenach.

 

An oíche úd ar imigh Nóra d’fheicfeá seanfhear istigh i mbád iascaireachta dá mbeifeá ar chéibh Ros Dhá Loch. Bhí soitheach tara lena thaobh agus é ag milleadh an ainme a bhí ar an mbád. Má mhill féin, níor éirigh leis an t-ainm úd a scriosadh amach óna chroí. Ainm a iníne bhí aige ar a bhád.

 

© פרויקט הסיפור הקצר 2025

Made with ☕ and 🚬 by Oddity

חפשו:

מנת סיפורים שבועית לתיבה

הירשמו לניוזלטר שלנו

אופס, זה פיצ'ר של האזור האישי.
האזור האישי פתוח רק למשתמשים רשומים. הירשמו בחינם עכשיו ותוכלו להנות מכל האפשרויות של האזור האישי!